Inrochtaineacht ar Shuíomh Gréasáin CIÉ

Tá CIÉ tiomanta i dtreo suíomh gréasáin inrochtaineachta a chur ar fáil agus tá muid ag amharc ar shuíomh gréasáin lán-inrochtaineacht a dhéanamh faoi dheireadh 2022.

Go dtí sin, gabhaimid ár leithscéal as aon fhadhb a thagann chun cinn maidir le rochtain a dhéanamh ar ár shuíomh gréasáin.
 
Cuirimid fáilte roimh mholtaí maidir leis na gnéithe a ba mhaith leat a fheiceáil air:
Ríomhphost: info@cie.ie
Cé go ndearna muid ár seacht ndícheall go dtí seo chun rochtain cie.ie a dhéanamh níos fearr d’úsáideoirí an tsuímh gréasáin, féadfar cásanna ar leith maidir le breiseáin bhrabhsála agus gnéithe a athrú a bheas ina chuidiú ollmhór don úsáideoir a bhfuil tromlagú radhairc orthu.

Tig le méid an téacs a ardú agus a laghdú trí fheidhm ‘zúmáil’ a úsáid ar do bhrabhsálaí.

Is féidir treoir a fháil thíos faoi seo ina gcuirtear síos ar an bhealach chun do chóras feidhmiúcháin ná brabhsálaí a chumrú chun codarsnacht níos airde a fháil ar cie.ie

Google Chrome

D’fhorbair Google breiseán le codarsnacht níos airde a ligeann don úsáideoir scoránú idir na stíleanna codarsnacha ar shuíomh gréasáin ar bith.

Mar mhalairt air sin, is féidir socruithe bhrabhsálaí Chrome a athrú de láimh, ó chrome://settings/

Firefox

Tá iarmhír thríú páirtí ar fáil do Firefox darb ainm cúlra dorcha agus téacs geall a ligeann don úsáideoir scoránú idir stíleanna codarsnachta éagsúla ar shuíomh gréasáin ar bith.

Mar mhalairt de sin, is féidir na socruithe seo a athrú de láimh, trí dul chuig ‘about: preferences’

Safari

Ní chuireann Safari ach cumraíocht teoranta ar fáil ón bhrabhsálaí trí dul chuig ‘Preferences > General’

Tá sé molta socruithe inrochtaineachta an chórais feidhmiúcháin domhanda a chumrú, trí dul chuig ‘System Preferences > Accessibility

Microsoft Edge and Internet Explorer

Tá sé molta socruithe inrochtaineachta an chórais feidhmiúcháin domhanda a chumrú, trí dul chuig

‘Settings > Ease of access’

Is anseo ar féidir leat scoránú a dhéanamh idir stíleanna codarsnachta agus socruithe a zúmáil isteach agus amach mar is cuí.