Na rudaí atá idir lámha againn

Is ionann sprioc an Grúpa CIÉ (nó “an Grúpa”) agus seirbhísí iompair phoiblí inmharthana mealltacha a sheachadadh, beart a chuireann le fás leanúnach an gheilleagair Éireannaigh mar aon le comhtháthú sóisialta na tíre. Tá inniúlacht ar leith ag an Ghrúpa agus réitigh iompair phoiblí ardchaighdeánach éifeachtúil ó thaobh costas de, fud fad na hÉireann, idir lámha acu. Oibríonn an Grúpa i gcomhar lena pháirtí leasmhara, an tAire Iompair, chomh maith leis an rialtóir - an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI).
 
Agus é ag feidhmiú mar phríomhsholáthróir na Seirbhísí Iompair Poiblí sa Stát, tá an Grúpa CIÉ tiomanta i dtreo seirbhísí inrochtana a sholáthar dá gcustaiméirí ar fad.
 
Is ionann Córas Iompair Éireann (CIÉ) agus soláthraí iompair poiblí náisiúnta na hÉireann. Laghdaíodh na staitisticí bliantúla de thoradh ar chúrsaí COVID-19 agus leagtar na príomhuimhreacha bainte thíos.

What-we-do-2022-(2).png
 

Cheiliúir CIÉ a gcuimhneachán de 75 bliain ar an fhód in 2020. Faoi réir ag Plean an Rialtais um Fhorbairt Náisiúnta suas go 2027, tá gníomhaíochtaí CIÉ bainte le hinfheistíocht caipitil i bhfoirm breis agus €4 billiún.
 
Tá an Bord CIÉ i mbun treo straitéisigh, smacht agus comheagar iomlán an Ghrúpa, ach bíonn saineolas ard d’fhéinriail fheidhmiúcháin de dhíth ag gach fochuideachta maidir lena ngnóthaí laethúla. Ceaptar an Bord CIÉ ag an Rialtas faoi alt 6 den Acht Iompair, 1950.
 
Ceaptar boird na gCuideachtaí Feidhmiúcháin Éireannacha ag an Aire Iompair. Ceapann an Bord CIÉ na stiúrthóirí do Chamchuairteanna Idirnáisiúnta CIÉ.
 
Leanann an Grúpa ar aghaidh ag soláthar córais iompair phoiblí, atá sábháilte agus dírithe ar an chustaiméir, do líon na gcustaiméirí atá ag dul i méid.
 
Cuireann an Grúpa CIÉ príomhsheirbhísí ar fáil don phobal thar gach déimeagrafaigh agus tá tuiscint acu maidir leis a bhfreagracht sóisialta lena gCuideachtaí Feidhmiúcháin ar fad.
 
Tá an liosta seo a leanas mar chuideachtaí feidhmiúcháin de chuid CIÉ:
 

Cuireann Bus Éireann seirbhísí bus do chathracha, do bhailte agus do chúigí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath ar fáil trí Chonradh Dámhachtain Dhíreach leis an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI). Mar aon le sin, cuireann sé seirbhísí scoile ar fáil arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Bíonn seirbhísí ‘Luasbhealaí’ (seirbhísí bus idirchathracha) i bhfeidhm acu chomh maith ar bhonn tráchtála lán.
Is féidir cliceáil anseo chun níos mó eolais ar Bus Éireann a fháil.
 

Tá Bus Átha Cliath i gceannas ar chuid is mó de na seirbhísí bus i mórcheantar Bhaile Átha Cliath trí Chonradh Dámhachtain Dhíreach leis an Údarás Náisiúnta Iompar. Tá freagracht ag Bus Átha Cliath as roinnt seirbhísí tráchtála áirithe eile a chur ar fáil, mar shampla luas-seirbhís an aerfoirt agus camchuairteanna fámaireachta (Do Dublin).
Is féidir cliceáil anseo chun níos mó eolais ar Bus Átha Cliath a fháil.

Cuireann Iarnród Éireann seirbhísí iarnróid do phaisinéirí agus do lastas ar fáil araon, agus tá siad i gceannas ar Chalafort Ros Láir chomh maith. Tá gach seirbhís paisinéara i bhfeidhm de bhrí ar Chonradh Dámhachtain Dhíreach ón Údarás Náisiúnta Iompair.
Is féidir cliceáil anseo chun níos mó eolais ar Iarnród Éireann a fháil.

  
Calafort Ros Láir ar an cheathrú chalafort is mó in Éirinn, i dtéarmaí tonnáiste iomlán láimhseáilte, agus tá sé ar an dara chalafort do phaisinéirí agus do thráchta rolladh ann – rolladh as is mó sa Stát. Feidhmítear an calafort faoi scáth Iarnród Éireann, agus iad mar údarás calafoirt do Chalafort Ros Láir. Tá ceangal nach beag ann idir an calafort agus bóithre, iarnróid agus mara faoi láthair, ceangal atá in úsáid go mór ag paisinéirí agus lastas rolladh ann - rolladh as, feithiclí talmhaíochta agus trádála, ualaí bulclasta agus ollmhór, longa crúsála, tuirbíní gaoithe mar aon le háiseanna le haghaidh fuinneamh in-athnuaite eile.
Is féidir cliceáil anseo chun níos mó eolais ar Chalafort Ros Láir a fháil.


 

Ó 1932 i leith, is é CIÉ Tours an príomh-tionscnóir turas ar shaoire na hÉireann agus na Breataine Bige, agus cáil bainte amach aige as sármhaitheas atá fréamhaithe ina fáilteachais Éireannach. Le breis agus 90 bliain i bhfeidhm, tá breis agus trí mhilliún taistealaí glactha ag an gcomhlacht ar laethanta saoire a n-aislingí, agus cuireann sé níos mó turasóirí ó Mheiriceá Thuaidh go hÉirinn ná aon chuideachta eile. Oireann saoire oilte go hÉirinn, Albain, Sasana, an Bhreatain Bheag, an Íoslainn agus an Iodáil do gach stíl taistil agus blas - ó chairdeas na dturas cóiste agus taisteal grúpa saincheaptha; le héagsúlacht eachtraí neamhspleácha, turais ghrúpa bhig agus eispéiris phearsantaithe tiománaithe príobháideacha.

Is féidir cliceáil anseo chun níos mó eolais ar Camchuairteanna CIÉ a fháil.