Clúdaíonn oifig Pinsean CIÉ riaradh na bpinsean do CIÉ, Bus Átha Cliath, Bus Éireann agus Iarnród Éireann.
Más iarbhall foirne nó pinsinéir de chuid CIÉ tú agus má tá ceist agat a bhaineann le pinsean, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an oifig ar na bealaí seo a leanas:
R : pensions@cie.ie
Leagtar amach sna doiciméid thíos na Tuarascálacha Bliantúla is déanaí ó na hIontaobhaithe don Scéim Foirne um Pá Rialta agus do Scéim Pinsean Aoisliúntais 1951 araon.
Leabhráin Scéimeanna
Tá leabhráin thíos atá mar achoimre ar phríomhsholáthairtí an dá scéim phinsin i bhformáid soléite. Tá cúig leabhrán ann ar an iomlán, chun catagóirí éagsúla foirne a chlúdach.- Leabhrán ar scéim aoisliúntais d’fhoireann ÁSPC rannóg A (dóibh siúd a thosaigh leis an gcomhlacht ar an nó i ndiaidh an 6ú Aibreán 1995) Brúigh anseo le do thoil chun an leabhrán a léamh.
- Leabhrán ar scéim aoisliúntais d’fhoireann ÁSPC rannóg D (dóibh siúd a thosaigh leis an gcomhlacht roimh an 6ú Aibreán 1995) Brúigh anseo le do thoil chun an leabhrán a léamh.
- Leabhrán d’fhoireann reatha ar phá rialta atá in CL (d’fhoireann a cheapadh roimh an 18ú Iúil 2022 agus atá mar bhaill den Scéim do Chéilí agus Leanaí) Brúigh anseo le do thoil chun an leabhrán a léamh.
- Leabhrán d’fhoireann reatha ar phá rialta nach bhfuil in CL (d’fhoireann a cheapadh roimh an 18ú Iúil 2022 agus nach bhfuil mar bhaill den Scéim do Chéilí agus Leanaí) Brúigh anseo le do thoil chun an leabhrán a léamh.
- Leabhrán d’fhoireann reatha ar phá rialta, iarrthóirí nua (d’fhoireann a cheapadh ó 18úIúil 2022 ar aghaidh) Brúigh anseo le do thoil chun an leabhrán a léamh.