Beartas príobháideachais

Cloíonn CIÉ le do Phríobháideachas

Tá an Ráiteas Príobháideachais seo arna eisiúint ag Córas Iompair Éireann, agus ceannáras na heagraíochta lonnaithe ag Stáisiún Heuston, Baile Átha Cliath 8 (“CIÉ”, “muid”, “againn”, “ár”)

Cloíonn CIÉ le do Phríobháideachas agus tá muid tiomanta as é a chosaint. Is é cuspóir an Ráitis Príobháideachais seo ná tú féin a chur ar an eolas maidir leis na sonraí a bhaineann leat a mbailítear agus an úsáid a dhéantar le sonraí dá leithead sin (lena n-áirítear nochtadh ar ghrúpaí tríú páirtí). Tá CIÉ i gceannas ar na sonraí bailithe againn.

I gcás go ritheann aon cheist uait faoi úsáid do shonraí pearsanta, ná bíodh drogall oraibh teagmháil a dhéanamh linn ar property@cie.ie , nó is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag dpo@cie.ie.
 

Sonraí pearsanta bailithe agus próiseáilte againn

Bailímid agus próiseálaimid sonraí a bhaineann leat i dtaca le díolachán, ligean agus bainistíocht na réadmhaoine CIÉ. Seo liosta de na cineálacha sonraí a dtugtar dúinn:

  • d’ainm, do sheoladh baile, d’uimhir guthán agus do ríomhphost;
  • aon sonraí eile a chuireann tú chugainn agus muid i dteagmháil leat.

Riachtanas chun sonraí pearsanta a chur ar fáil

Nuair a théann tusa i dteagmháil linn maidir le díolachán, ligean ná bainistíocht aon réadmhaoin faoi úinéireacht CIÉ, nó maidir le tionscadail iompair infreastruchtúrach, tá roinnt eolais go gcaithfidh tú a thabhairt, cosúil le d’ainm, do sheoladh baile, d’uimhir guthán, do sheoladh ríomhphost agus do shonraí bainc.

Más rud é nach bhfuil tú in ann na sonraí seo a thabhairt chun na críocha sin, ní bheidh muid in ann conradh a dhéanamh leat nó fiú aon chonradh reatha a chomhlíonadh leat, ní bheidh muid in ann eolas a roinnt leat i ndáil le féidearthachtaí réadmhaoine ná freagra a thabhairt chugat maidir le ceisteanna réadmhaoine.
 

An bealach a n-úsáideann CIÉ do shonraí pearsanta agus do shonraí neamhphearsanta

I gcás nach gcuirtear ar aon eolas tú faoin am a mbaileofar do chuid sonraí, tá soláthar do shonraí pearsanta riachtanach chun teagmháil a dhéanamh leat maidir le díolachán, ligean ná bainistíocht na réadmhaoine faoi úinéireacht CIÉ nó i dtaobh tionscadail iompair infreastruchtúracha.

Chomh maith le sonraí pearsanta a fháil uait go díreach, tig linn eolas ó ghrúpaí tríú páirtí a fháil ar do s(h)on, lena n-áirítear aturnaetha, forais rialtais agus gníomhairí réadmhaoine.
 

Bunús dlí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil

Is ionann na bunúis dlí ina bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, san ábhar a bhfuil cur síos air, ná:
  • go bhfuil sé riachtanach maidir le feidhmíocht ár gconradh leat nó i dtaca le céimeanna ar d’iarratas a ghlacadh roimh thús an chonartha;
  • go bhfuil sé riachtanach maidir le feidhmíocht na dtascanna atá idir lámha againn ó thaobh leas an phobail de nó trí bheart an údaráis oifigiúil a dhílsíonn an dlí ionainn;
  • go bhfuil sé seo riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhaineann linn a chomhlíonadh.

Na daoine a gcomhroinnimid d’fhaisnéis leo

  • Seans go nochtfaimid do shonraí pearsanta d'eagraíochtaí eile maidir leis na cúiseanna thuas, lena n-áirítear:
  • grúpaí tríú páirtí atá i gcomhairle linn maidir le seirbhísí a chuireann siad ar fáil dúinn, dá leithead soláthraithe seirbhísí seachfhoinsithe, soláthraithe seirbhísí TFC, comhairleoirí gairmiúla agus iniúchóirí;
  • baill eile ár ngrúpa chorparáidigh;
  • údaráis poiblí agus forais eile má bhíonn bunús dlíthiúil i gceist, mar shampla na Gardaí nó aon údarás forghníomhaithe an dlí eile chun críocha coireacht a chosc, a imscrúdú nó a bhrath mar aon leis an Oifig Luachála.
  • Ní dhíolfaidh CIÉ, ná ní ligfidh siad ar cíos nó ar léas do chuid faisnéise pearsanta le daoine eile.

Coinneáil

Ní choinneoimid do shonraí pearsanta níos faide ná mar a theastaíonn. Coinneoimid do shonra pearsanta fad is a theastaíonn sé uainn de réir na gcuspóirí arna leagadh amach sa Ráiteas Príobháideachais seo, nó le cloígh lenár ndualgais faoin dlí infheidhmithe agus, más cuí, le déileáil le haon éileamh nó aighneas a d'fhéadfadh teacht aníos eadrainn.
 

Do chearta

Tá na cearta seo a leanas agat i gcúinsí ar leith agus faoi réir srianta ar leith maidir le do shonraí pearsanta:
  • Tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar do chuid sonraí pearsanta;
  • Tá sé de cheart agat go ndéanfaí ceartúcháin a lorg agus/nó go ndéanfaí léirscriosadh ar do shonraí pearsanta;
  • Tá sé de cheart agat srian a chur le húsáid do shonraí pearsanta;
  • Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh in aghaidh phróiseáil do shonraí pearsanta; agus
  • Tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta, a chuir tú ar fáil dúinn, a fháil uainn i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear de ghnáth agus atá meaisín-inléite nó a iarraidh orainn na sonraí a aistriú chuig rialtóir eile.

Más mian leat ceann ar bith de na cearta thuas luaite a chur i bhfeidhm, nó má tá aon cheist ná trácht agat faoinár Ráiteas Príobháideachais, déan teagmháil linn:
 
Córas Iompair Éireann
Stáisiún Heuston
Baile Átha Cliath 8
Éire
Ríomhphost: dpo@cie
 

Athruithe ar an ráiteas seo

Féadfaidh muid an Ráiteas Príobháideachais seo a uasdátú ó am go chéile. Molaimid duit athbhreithniú a dhéanamh ar an bheartas seo ó am go chéile don eolas is déanaí ar ár gcleachtais príobháideachais. Sonróidh an Ráiteas Príobháideachais seo an dáta is déanaí ina ndéantar leasuithe ar na téarmaí.
 

Gearáin

Más rud é go bhfuil tú míshásta faoin bhealach a úsáidtear do shonraí pearsanta, nó faoin bhealach a n-éascaímid do chearta nó comhlíonadh a dhéanamh ar ár n-oibleagáidí, faoi dhlí um chosaint sonraí is infheidhme, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an Choimisiún um Chosaint Sonraí trí ríomhphost a chur chuig info@dataprotection.ie.
Athbhreithniú: 22 Eanáir 2019
 

Cén dóigh ar úsáidtear fianáin ar an tsuíomh seo?

Úsáideann https://www.cie.ie fianáin faoi choinne feidhmiúlacht amháin atá go rí-riachtanach maidir le feidhmíocht an tsuímh gréasáin. Ní bhailíonn ná ní choinníonn fianáin ar an tsuíomh gréasáin é seo aon sonraí pearsanta. Úsáideann an suíomh gréasáin seo fianáin seisiúin. Úsáidtear fianáin seisiúin chun na feidhmeanna bunúsacha de shuíomh Gréasáin a sholáthar, m.sh. chun cead a thabhairt ar leathanaigh athruithe teicniúla a chuimhneamh nó roghanna a fhéadfaidh tú a dhéanamh idir leathanaigh agus chun slándáil an tsuímh gréasáin a fheabhsú. Is fianáin shealadacha iad na fianáin seisiún agus de ghnáth scriostar iad nuair a dhruidtear an brabhsálaí nó tar éis 20 nóiméad de dhíomhaointeas.

Úsáidimid fianáin seisiúin chun do rogha teanga a chuimhnigh agus tú ar an tsuíomh. Scriostar na fianáin seisiúin nuair a dhruidtear an brabhsálaí nó tar éis 20 nóiméad de dhíomhaointeas.

Ní úsáideann https://www.cie.iefianáin tríú páirtí nó leanúnacha.

Cóipcheart 2019 © Córas Iompair Éireann. Gach ceart ar cosaint.