Is iad seo a leanas cuspóirí Airgeadais an Ghrúpa:
- Pleanáil airgeadais, anailís agus tuairisciú ó chuideachtaí an Ghrúpa CIÉ chuig na páirtithe leasmhara a chomhordú;
- Cinnte a dhéanamh gur féidir tacaíocht a thabhairt do phleananna gnó an Ghrúpa trí theorainneacha fiachais chuí agus áiseanna airgeadais eile.
- Riachtanais airgeadais, riosca agus soláthar an Chóid Cleachtais le haghaidh Rialachas Comhlachtaí Stáit a dheimhniú.
- Bainistíocht agus tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghníomhaíochtaí seirbhíse proifisiúnta CIÉ.
Déanaimid seo trí:
Comhairle a dhéanamh leis na 4 fhochuideachta de chuid CIÉ; Bus Átha Cliath, Bus Éireann, Camchuairteanna CIÉ agus Iarnród Éireann chun:
- Cinnte a dhéanamh go bhfuil maoiniú sásúil ar fáil le dul i ngleic leis na riachtanais laethúla agus go n-úsáidtear cistí fuílligh ar dhóigh éifeachtúil.
- Monatóireacht a dhéanamh ar chaiteachas caipitil i gcomhréir le réim fhormheasa inmheánach an Ghrúpa.
- Monatóireacht a dhéanamh ar an fheidhmíocht gnó i gcomhréir le pleananna gnó ceadaithe.
- Cothabháil a dhéanamh ar Chlár Réadmhaoine an eastáit CIÉ.
I leith gníomhaíochtaí bainistíochta airgeadais na cuideachta sealbhaíochta, tá Airgeadas an Ghrúpa freagrach as:
- Cothabháil a dhéanamh ar Chlár Réadmhaoine an eastáit CIÉ.
- Cothabháil a dhéanamh ar cheangail leis na hinstitiúidí airgeadais agus fiontair chomhairleacha proifisiúnta eile.
- Párolla Feidhmeannach Míosúil.
- Cuntais Iníoctha.
- Cuntasaíocht ar Chistí Pinsean
- Cánacha CIÉ a bhainistiú agus Íocaíochtaí tráthúil a dhéanamh trí ROS maidir le cánacha ar bith a bheas dlite.
Fiona O'Shea
Príomhoifigeach Airgeadais