Skip to main content
Dublin Bus on bridge TFI Dublin Bus Train on a bridge

CIÉ – An Soláthraí Iompair Poiblí is mó in Éirinn

Ag Athrú i dtreo Todhchaí Inbhuanaithe.

Ár Stair

Bunaíodh Córas Iompair Éireann (CIÉ) an 1 Eanáir 1945 faoin Acht Iompair, 1944. Tugadh le chéile ann Great Southern Railways (GSR) agus an Dublin United Tramway Company (DUTC). Bhí seirbhísí iarnróid, busanna agus leoraithe á bhfeidhmiú ag an GSR. Bunaíodh an comhlacht sin féin in 1925 nuair a cónascadh na comhlachtaí iarnróid go léir a bhí lonnaithe laistigh den Saorstát in aon eintiteas amháin. Faoi na hAchtanna Iompair, 1932 agus 1933, tugadh cumhacht don GSR a chuid iomaitheoirí ar bhóithre a fháil go héigeantach. Ba í an fháil ba shuntasaí a rinne sé ná an Irish Omnibus Company, réamhtheachtaí Bhus Éireann.

Le hAcht Iompair, 1950, rinneadh comhlacht leathstáit de CIÉ. I 1958 ghlac CIÉ chuige féin seirbhísí bóthair agus iarnróid Great Northern Railway a bhí lonnaithe laistigh den Phoblacht. Roimhe sin, bhí an chuideachta sin ag feidhmiú mar chomhlacht trasteorann faoi chomhbhainistíocht an dá rialtas.

Ar an 2 Feabhra 1987, faoin Acht Iompair (Atheagrú Chóras Iompair Éireann), 1986, bunaíodh trí fhochuideachta de chuid CIÉ:

  • Bus Átha Cliath (Dublin Bus), a chuireann seirbhísí bus ar fáil i gCathair Bhaile Átha Cliath.
  • Bus Éireann, a chuireann seirbhísí bus cúige, seirbhísí Expressway agus seirbhísí bus cathrach ar fáil i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh.
  • Iarnród Éireann (Irish Rail), a chuireann seirbhísí iarnróid ar fáil, lena n-áirítear na seirbhísí trasteorann Enterprise a oibrítear i gcomhpháirt le Northern Ireland Railways. Feidhmíonn sé Calafort Ros Láir freisin.

Chomh maith leis na croí-oibríochtaí a chuirtear i gcrích trína fhochuideachtaí, feidhmíonn Cuideachta Shealbhaíochta CIÉ CIÉ Tours, cuireann sí réimse leathan seirbhísí comhroinnte ar fáil ar fud an Ghrúpa, agus bainistíonn sí punann shuntasach maoine.

Grúpa CIÉ inniu

Is é Grúpa CIÉ an soláthraí iompair phoiblí is mó in Éirinn fós. Le breis agus 12,000 fostaí, d’iompair an Grúpa 350 milliún paisinéir in 2023. Oibríonn an Grúpa i ndlúthchomhar leis an Roinn Iompair, leis an Údarás Náisiúnta Iompair agus le páirtithe leasmhara tábhachtacha eile. Mar thoradh ar infheistíocht chaipitil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, tá fás suntasach ar sheirbhísí beartaithe sna blianta atá romhainn. Tá Straitéis Inbhuanaitheachta an Ghrúpa ag athrú ár seirbhísí agus ár n-oibríochtaí go múnla gnó ísealcharbóin atá go hiomlán ciorclach.

Picture of a double-decker bus

Inbhuanaitheacht

Le linn 2018, d’iompar CIÉ breis agus 275 milliún paisinéir agus é ag feidhmiú mar thionscnóir iompair phoiblí is mó na hÉireann. Tá ról criticiúil ar leith ag an Ghrúpa CIÉ maidir le hastaíochtaí na hearnála iompair a laghdú



Is féidir cliceáil anseo chun níos mó eolais ar chúrsaí inbhuanaitheachta a fháil

HQDL Scheme Photomontage1

Réadmhaoin an Ghrúpa

Tá an Grúpa CIÉ ar cheann de na húinéirí talún is mó sa tír. Tá gach forbairt bunaithe ar phrionsabail dírithe ar fhorbairt an iompair. Tá punann mhiondíola CIÉ déanta amach as raon mór d’ionaid mhiondíola thar an phunann d’Iarnród Éireann agus Bus Éireann araon, agus bunús acu ag teacht ó Stáisiúin Busanna agus Traenacha.



Is féidir cliceáil anseo chun níos mó eolais ar Réadmhaoin an Ghrúpa a fháil

CIÉ history image

Stáir CIÉ

Bunaíodh Córas Iompair Éireann (CIÉ), ar an 1 Eanáir 1945, faoin Acht Iompair, 1944. Chuir CIÉ Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt (MID) agus Comhlacht Aontaithe Tramanna Bhaile Átha Cliath (CATBÁC) le chéile.



Is féidir cliceáil anseo chun níos mó eolais a bhaineann le stair CIÉ a fháil.

Heuston Masterplan logo

Máistirphlean Heuston

Is plean uaillmhianach é an máistirphlean Heuston ina ndéantar iniúchadh ar fhéidearthachtaí na dtailte CIÉ atá lonnaithe ag Stáisiún Heuston Bhaile Átha Cliath agus ag an tsuíomh in aice láimhe darb ainm garáiste bus Bhóthar Conyngham. Is ionann an fhorbairt seo agus féidearthacht le bheith ar cheann de na Forbairtí Dírithe ar Iompar is mó agus is inbhuanaithe in Éirinn.



Is féidir cliceáil anseo chun níos mó eolais ar Mháistirphlean Heuston a fháil.

Buaicphointí na Tuarascála

picture of people on a bus

Cuirtear béim i dTuarascáil Bhliantúil Ghrúpa CIÉ 2025 ar ról CIÉ mar phríomhsholáthraí iompair phoiblí ar fud oileán na hÉireann. I measc na mbuaicphointí tá:

  • 337 milliún turas paisinéirí, méadú 5%
  • Infheistíocht chaipitil dar luach €546 milliún


 Cuirtear béim sa Tuarascáil freisin ar an dul chun cinn atá déanta faoi Straitéis Inbhuanaitheachta an Ghrúpa agus ar fhorbairtí tábhachtacha atá dírithe ar iompar ar fud na tíre.

Buaicphointí na Tuarascála

2025 front cover of CIÉ Sustainability annual review

Leagtar amach in Athbhreithniú Bliantúil Inbhuanaitheachta Ghrúpa CIÉ an dul chun cinn atá déanta maidir le Straitéis Inbhuanaitheachta an Ghrúpa a chur i bhfeidhm in 2024. Leagtar béim sa tuarascáil ar na dosaen clár atá ar bun i réimsí éagsúla, lena n-áirítear:

Spléachadh beag ar ár nGrúpa

Bhí 322 milliún paisinéir iompartha againn in 2024, agus príomhsheirbhísí ar fáil i bhfoirm 4 chuideachta éagsúla.

Cuideachtaí Feidhmiúcháin