CIÉ – An Soláthraí Iompair Poiblí is mó in Éirinn

Ag Athrú i dtreo Todhchaí Inbhuanaithe.

Inbhuanaitheacht

Le linn 2018, d’iompar CIÉ breis agus 275 milliún paisinéir agus é ag feidhmiú mar thionscnóir iompair phoiblí is mó na hÉireann. Tá ról criticiúil ar leith ag an Ghrúpa CIÉ maidir le hastaíochtaí na hearnála iompair a laghdú

Is féidir cliceáil anseo chun níos mó eolais ar chúrsaí inbhuanaitheachta a fháil
 

Réadmhaoin an Ghrúpa

Tá an Grúpa CIÉ ar cheann de na húinéirí talún is mó sa tír. Tá gach forbairt bunaithe ar phrionsabail dírithe ar fhorbairt an iompair.
 
Tá punann mhiondíola CIÉ déanta amach as raon mór d’ionaid mhiondíola thar an phunann d’Iarnród Éireann agus Bus Éireann araon, agus bunús acu ag teacht ó Stáisiúin Busanna agus Traenacha.


Is féidir cliceáil anseo chun níos mó eolais ar Réadmhaoin an Ghrúpa a fháil

Stáir CIÉ

Bunaíodh Córas Iompair Éireann (CIÉ), ar an 1 Eanáir 1945, faoin Acht Iompair, 1944. Chuir CIÉ Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt (MID) agus Comhlacht Aontaithe Tramanna Bhaile Átha Cliath (CATBÁC) le chéile.

Is féidir cliceáil anseo chun níos mó eolais a bhaineann le stair CIÉ a fháil.

Máistirphlean Heuston

Is plean uaillmhianach é an máistirphlean Heuston ina ndéantar iniúchadh ar fhéidearthachtaí na dtailte CIÉ atá lonnaithe ag Stáisiún Heuston Bhaile Átha Cliath agus ag an tsuíomh in aice láimhe darb ainm garáiste bus Bhóthar Conyngham.
 
Is ionann an fhorbairt seo agus féidearthacht le bheith ar cheann de na Forbairtí Dírithe ar Iompar is mó agus is inbhuanaithe in Éirinn.

Is féidir cliceáil anseo chun níos mó eolais ar Mháistirphlean Heuston a fháil.

Buaicphointí na Tuarascála

Cuirtear béim ar ról an CIÉ, agus é ag feidhmiú mar cheanntionscnóir iompair phoiblí fud fad na hÉireann, i dTuarascáil Bhliantúil an Ghrúpa CIÉ, 2021.

Is mar gheall ar an phaindéim go raibh athruithe feidhmiúcháin shuntasacha curtha faoi bhráid an Ghrúpa. Leanadh ár seirbhísí ar aghaidh le linn na paindéime, agus 226 milliún ciliméadar taistealta san iomlán in 2021, méadú 3% ó chiliméadair taistealta i rith 2020.
 
Cuirtear gach dul chun cinn maidir le Straitéis inbhuanaitheachta an Ghrúpa agus Forbairtí Dírithe ar Iompar fud fad na tíre faoi spotsolas chomh maith sa Tuarascáil.

Buaicphointí na Tuarascála

Leagann Athbhreithniú Bliantúil Inbhuanaitheachta Ghrúpa CIÉ amach an dul chun cinn atá déanta maidir le Straitéis Inbhuanaitheachta an Ghrúpa a chur i bhfeidhm sa chéad bhliain dá oibriú. Is léiriú é ar obair chrua agus ar thiomantas na foirne ar fud an Ghrúpa gur féidir linn tuairisc a thabhairt cheana féin ar éachtaí suntasacha faoinár Straitéis.

Leagann an tuarascáil béim freisin ar na iliomad clár atá ina gcéimeanna tosaigh a mbeidh torthaí fiúntacha acu sna míonna agus sna blianta amach romhainn.

Spléachadh beag ar ár nGrúpa

Bhí 281 milliún paisinéir iompartha againn in 2019, agus príomhsheirbhísí ar fáil i bhfoirm 4 chuideachta éagsúla.

Cuideachtaí Feidhmiúcháin