Líonra Fógraíochta na gComaitéirí
Tá Roinn Líonra Fógraíochta na gComaitéirí freagrach as sócmhainní fógraíochta ‘Taobh Amuigh den Teach’ (TAT) dár bhfochuideachtaí feidhmiúcháin a bhainistiú - Bus Átha Cliath, Iarnród Éireann agus Bus Éireann.
advertising@cie.ie
Cliceáil anseo le do thoil chun tuilleadh a léamh faoiLíonra Fógraíochta na gComaitéirí
Réadmhaoin an Ghrúpa
Tá Roinn Réadmhaoine an Ghrúpa CÉ i gceannas ar phunann réadmhaoine fairsing an Ghrúpa.
property@cie.ie
Cliceáil anseo le do thoil chun tuilleadh a léamh faoiRéadmhaoin an Ghrúpa
Grúpa TF agus T
Is ionann ról na ranna TF agus T agus tacaíocht TF a thabhairt ar an Ghrúpa CIÉ agus chun Córais an Ghrúpa a fhorbairt, imeascadh idir na córais a bhainistiú chomh maith leis na caighdeáin ar pholasaí TF agus Rialachas a leagadh amach.
servicedesk@cie.ie
Cliceáil anseo le do thoil chun tuilleadh a léamh faoiGrúpa TF agus T
Roinn Riosca an Ghrúpa
Oibríonn Roinn Riosca an Ghrúpa CIÉ, agus é ag feidhmiú mar eintiteas comhdhlúite an Ghrúpa Riosca, mar aon le hImscrúduithe Grúpa agus Árachas Grúpa, mar fhoireann comhtháite chun tacaíocht maidir le bainistíocht riosca a sheachadadh chomh maith le seirbhísí comhairleach chuig Grúpa CIÉ na gCuideachtaí go héifeachtach agus go heacnamaíoch.
Cliceáil anseo le do thoil chun tuilleadh a léamh faoiRoinn Riosca an Ghrúpa
Aturnaetha an Ghrúpa
Tá oifig na nAturnaetha CIÉ freagrach as suimeanna dlí CIÉ a chosaint agus tugann siad seirbhísí dlí inmheánach chuig CIÉ, Iarnród Éireann, Bus Éireann agus Bus Átha Cliath.
law@cie.ie
Cliceáil anseo le do thoil chun tuilleadh a léamh faoiAturnaetha an Ghrúpa
Iniúchadh Inmheánach an Ghrúpa
Is gníomhaíocht cinnteachta neamhspleách agus oibiachtúil é Iniúchadh Inmheánach an Ghrúpa, agus é ag feidhmiú mar sheirbhís chuig an Bhord CIE, agus chuig na boird Cuideachtaí Feidhmiúcháin agus lucht ardbhainistíochta, agus tá siad dírithe ar luach agus feabhas oibríochtaí an Ghrúpa a ardú.
Airgeadas an Ghrúpa
Is é cuspóir Airgeadas an Ghrúpa ná cumarsáidí airgeadais ó CIÉ chuig na páirtithe leasmhara;
Bainistíocht agus tacaíocht airgeadais a thabhairt chuig seirbhísí tacaíochta CIÉ agus cuideachtaí an Ghrúpa; Maoiniú cuideachtaí an Ghrúpa CIÉ a bhainistiú, agus cinnte a dhéanamh nach sáraítear ár dteorainneacha fiachais.
Rúnaí an Ghrúpa
Is ionann Rúnaí an Ghrúpa agus Rúnaí an Bhoird CIÉ chomh maith le Rúnaí Cuideachta d’Iarnród Éireann. Folaítear leis seo comhairle a thabhairt do na Boird ar chúrsaí rialachais agus comhlíonta, páipéir a thiomsú i leith cruinnithe an Bhoird, freastal a dhéanamh ar na cruinnithe sin agus miontuairiscí a ghlacadh astú agus nótaí a ghlacadh ar chinntí agus réitigh a thagann ó na Boird.
info@cie.ie
Roinn Acmhainní Daonna an Ghrúpa
Is ionann príomhchuspóir ár Roinn Acmhainní Daonna agus Dearadh na hEagraíochta ná cumas na nAcmhainní Daonna a chur ar aon chéim le cuspóirí straitéiseacha an Ghrúpa, arna leagadh amach ag an Bhord CIÉ.