Skip to main content
TFI specsavers bus 2

Líonra Fógraíochta na gComaitéirí

Fógraíocht Taobh Amuigh den Teach

Tugann an fhógraíocht Taobh Amuigh den Teach (TAT) sruth ioncaim neamhtháillí coimhdeach don Ghrúpa CIÉ, agus ath-infheistítear ar ais é le soláthar na seirbhísí iompair phoiblí. Clúdaítear fógraíocht bus agus iarnróid le seo, mar aol le painéil stáisiún digiteacha agus greamaithe, cláir fhógraíochta cois bóthair agus fiú margaíocht branda ag suíomhanna comaitéirí a bhfuil líon na gcustaiméirí ard i gceist iontu.

Bus Eireann bus

Tá an Roinn LFC (Líonra Fógraíochta na gComaitéirí) freagrach as sócmhainní fógraíochta TAT dár bhfochuideachtaí feidhmiúcháin, mar atá Bus Átha Cliath, Iarnród Éireann agus Bus Éireann, a bhainistiú lena n-áirítear fás ioncaim s’acu a ardú, chomh maith le hinfheistíocht straitéiseach, cothabháil sócmhainní agus rialachas s’acu a stiúradh.

Is ionann cuntais eastáit CIÉ agus thart faoi 85% den earnáil iompair agus thart faoi 20% den mhargadh TAT san iomlán.

billboard advertising
train station advert

Lucht Spéise

Agus 275 milliún turas custaiméara láimhseáilte thar an líonra ar fad sa bhliain 2018, in éineacht leis an chlúdach fhairsing de sheirbhísí bus agus iarnróid chuig roinnt áit uirbeach i mBaile Átha Cliath, agus fud fad na tíre, atá ar fáil, ní rún é go dtugann ár líonra fógraíochta deis agus spás ar leith le haghaidh rannpháirtíocht an luchta spéise forleithne. Is féidir le gnóthaí an deis a thapú agus margaíocht a dhéanamh leis an lucht spéise trí úsáid ár bhformáidí fógraíochta iompair agus digiteacha sainiúla.

Comhpháirtí Fógraíochta

Is féidir lenár gcomhpháirtí fógraíochta, Exterion Media, raon mór d’fhéidearthachtaí fógraíochta a chur ar fáil. Seo na seirbhísí agus suíomhanna ar fad ina bhfuil formáid fhógraíochta Exterion Media ar fáil:
• Flít Cathrach Bhus Átha Cliath
• Flít Cathrach Réigiúnach Bhus Éireann 
• Luasbhealach Bhus Éireann 
• Stáisiún Bus fud fad na Tíre
• Dart (Éire amháin)
• Stáisiúin / Ardáin Traenach
• Droichid Iarnróid
• Líonra Digiteach den Scoth (ar bhonn náisiúnta)
• Clár fógra cois bóthair

Group images_1

M10 2 anpost_advert

Déan teagmháil linn

advertising@cie.ie

Roghnaigh ceann dár bhformáidí fógraíochta TAT fairsing @Exterion Media          

Rátaí agus Áirithintí Guthán:  Tel: 076 8887589. 


Margaíocht ó Thaithí – ‘BEO’

Is suíomh foirfe é an stáisiún bus / traenach i dtaca le brandaí a chur os comhair na ndaoine, ó thaithí agus ó ghníomhachtú.
Tugtar deis do bhrandaí lucht spéise na gcomaitéirí a tharraingt isteach.
Is féidir níos mó eolais a fháil maidir le deiseanna ó thaithí, rátaí a ghabhann leo agus roghanna áirithintí, trí theagmháil a dhéanamh le BEO

Connoly Knorr
Mel Kellegher Image

Mel Kellegher

Bainisteoir LFC

advertising@cie.ie