Foireann Feidhmiúcháin
Ceapadh Stephen Kent ina Phríomhfheidhmeannach ar Ghrúpa CIÉ i mí Eanáir 2026. Roimhe sin, bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Bhus Éireann ó 2018 go 2025, tar éis dó fónamh roimhe sin mar Phríomhoifigeach Tráchtála na cuideachta ó 2013 i leith.
D’oibrigh Stephen roimhe seo i roinnt post bainistíochta sinsearaí i ndíolacháin agus i margaíocht leis an C&C Group, Waterford Crystal plc agus Waterford Foods (atá anois mar chuid de Glanbia plc). Tá céim BBS aige ó Ollscoil Luimnigh agus MBA ó Ollscoil Heriot-Watt, agus is céimí é freisin de chuid Institiúid Margaíochta na hÉireann.
Is Comhalta de chuid Institiúid Chairte Iompair agus Loighistice na hÉireann é Stephen freisin.
Ceapadh Caoimhe ina Príomhoifigeach Inbhuanaitheachta i mí Aibreáin 2020.
Tá breis agus 20 bliain de thaithí ag Caoimhe maidir le forbairt na hiomaíochta agus rialála, straitéise agus inbhuanaitheachta. Sula raibh sí páirteach le CIÉ, thug Caoimhe comhairle do agus bhí sí i gceannas ar straitéis rialaitheach na margaí cumarsáidí agus i bhforbairt inbhuanaithe.
Folaítear róil bhainistíochta sinsearacha in ComReg, ról mar Cheannasaí an Eolais Margaíocht agus ról mar Bhainisteoir Anailíse Margaíochta agus i bhforbairt na straitéise ag AXA Éireann leis a taithí. Tá Caoimhe ina Cathaoirleach de Phlean Gníomhaíochta Domhanda, in Éirinn, eagraíocht neamhbhrabúsach a chuireann tionscnaimh inbhuanaitheachta fud fad na hÉireann chun tosaigh.
Tá dioplóma aici i dTreo na gCuideachtaí, IoD agus tá Máistreacht sa Riarachán Gnó ó Ollscoil Cambridge; mar aon le dioplóma in Eacnamaíocht na hIomaíochta ó Choláiste an Rí, Londain; MA in Eacnamaíocht ó Université Libre de Bruxelles; agus BA Idirnáisiúnta in Eacnamaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Tháinig Tom Fahey ar bhord le Roinn Phinsin an Ghrúpa CIÉ sa bhliain 1988 agus bhog sé chuig Roinn na nÉileamh in 1990. Bhí roinnt ról idir lámha aige sular bhain sé Bainisteoir na nÉileamh CIÉ amach in 2012.
Tá breis agus 30 bliain de thaithí aige sa réimse a bhaineann le himscrúduithe agus dlíthíocht timpistí / éilimh. Faoi láthair, tá foirne Dliteanas Fostóirí agus Láimhseáil na nÉileamh Tríú Páirtí idir lámha aige, agus tá sé i mbun éilimh caillteanais móra de chuid Cuideachtaí an Ghrúpa CIÉ.
Ceapadh Aidan Grogan mar Cheannasaí na Ranna AD & DE i mí Mheán Fómhair 2020. Tá breis agus 20 bliain de thaithí aige sa réimse maidir le hAcmhainní Daonna agus Caidreamh Tionsclaíoch, ag róil aige roimhe sin le Virgin Media Television (TV3), Virgin Media Éireann (UPC), na Irish Times agus IBEC, Is ar na mallaibh gur bhain sé teastas i gcúrsaí idirghabhála amach agus tá céim Baitsiléara Tráchtála (HRM) aige ó COBÁC, in éineacht le Dioplóma Gairmiúil san Eadráin agus Dioplóma Iarchéime sa Dlí Fostaíochta agus Straitéis.
Ceapadh Therese Killian mar Cheannasaí Iniúchadh Inmheánach an Ghrúpa i mí Iúil 2022.
Tá breis agus 15 bliain de thaithí ag Therese le hIniúchach Inmheánach, Bainistíocht Riosca, Comhlíonadh agus Bainistíocht Clár. Sular tháinig sí ar bhord le CIÉ, chaith sí 13 bliain le CRH plc, san Iniúchadh Inmheánach, agus bhí sí freagrach as leordhóthanacht na Creatlaí Rialú Inmheánach CRH a chinntiú maidir le comhlíonadh bliantúil le Rialacháin Sarbane Oxley 404. D’obair Therese le cuideachta bithchógaisíochta nuathionscanta le céimeanna trialach cliniciúla mar chuid de phróiseas IPO agus ar na mallaibh bhí sí i gceannas ar fheidhmeanna an Iniúchta Inmheánaigh le Ryanair.
Is Comhalta na gCuntasóirí Cairte í Therese agus tá Dioplóma aici i gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (CITA) agus Dioplóma i mBainistíocht Riosca, Iniúchadh Inmheánach agus Comhlíonadh ó Chuntasóirí Cairte in Éirinn. Tá BA Onóracha ag Therese ó COC, chomh maith le hArd-Dioplóma san Oideachas Ó OÉ Gaillimh agus Dioplóma Proifisiúnta i gComhlíonadh ó COBÁC.
Ceapadh Frank Masterson ina Bhainisteoir Maoine an Ghrúpa i mí an Mheithimh 2023. Chuaigh sé le Maoin Ghrúpa CIÉ i mí an Mhárta 2001, tar éis dó cáilíocht a bhaint amach sa tsuirbhéireacht i Sráid Bolton. Áirítear lena thaithí roimhe seo seal i rannóg maoine na heagraíochta ar a dtugtar Transport for London anois.
Is Aturnae cáilithe í Edel McCormack agus ceapadh í ina Rúnaí ar Ghrúpa CIÉ ag an mBord, le héifeacht ó mhí Feabhra 2026.
Sular tháinig sí chuig CIÉ, bhí Edel ina Ceannasaí ar Rialachas agus Dlí agus ina Rúnaí don Údarás ag Transport Infrastructure Ireland (TII) ó 2015 go 2024, agus freagracht aici as soláthar seirbhísí dlí chun tacú le hoibríochtaí agus tionscadail TII, MetroLink san áireamh, chomh maith le cúrsaí rialachais chorparáidigh.
Sular cumascadh an Railway Procurement Agency (RPA) agus an National Roads Authority (NRA) in 2015 chun TII a bhunú, bhí Edel ag obair mar chomhairleoir dlí inmheánach don RPA le linn sheachadadh thionscadal Luas Cross City i mBaile Átha Cliath.
Tar éis di TII a fhágáil in 2024, chaith Edel bliain mar an chéad Cheannasaí ar Rialachas ag Dlí-Chumann na hÉireann sular tháinig sí chuig CIÉ in 2025. Tá céim aici sa Dlí Sibhialta, Máistreacht sa Dlí Eorpach, Máistreacht san Eitic (Freagracht Chorparáideach), chomh maith le Dioplómaí san Eadráin agus sa Chaidreamh Poiblí. Tá sí ina ball de Dhlí-Chumann na hÉireann agus tá sí údaraithe chun cleachtadh i Sasana agus sa Bhreatain Bheag freisin. Is Comhalta í d’Institiúid an Chomhlíonta, FCI (Eitic).
Ceapadh Paul Neary ina Cheannasaí ar Dhlí an Ghrúpa i mí Mheán Fómhair 2024. Roimhe sin, bhí Paul ina Leas-Aturnae don Ghrúpa ag CIÉ agus ina Cheannasaí ar Ghnóthaí Tráchtála agus Rialála.
Is é atá i ról Paul ná ceannaireacht straitéiseach a chur ar fáil maidir le forbairt agus soláthar seirbhísí dlí agus tacaíochta ar fud ghrúpa cuideachtaí CIÉ, chomh maith le comhtháthú a chur chun cinn chun tacú le straitéis an Ghrúpa agus le nuálaíocht i soláthar seirbhísí dlí mar thaca le hoibríochtaí gnó agus gníomhaíochtaí tráchtála. Oibríonn Paul go dlúth le Bord CIÉ, le Príomhfheidhmeannach Ghrúpa CIÉ, leis an bhFoireann Feidhmiúcháin agus leis an mbainistíocht shinsearach ar fud fhochuideachtaí an Ghrúpa.
Cháiligh Paul mar Aturnae in 1995 agus tá céim BA aige sa Léann Eorpach (Dlí agus Fraincis), LL.M. sa Dlí Eorpach, Dioplóma san Aistriúchán, Dioplóma sa Dlí Fostaíochta, Teastas sa Dlí agus i gCleachtas na bPinsean, Dioplóma in Ardfheidhmíocht Bhainistíochta, agus is Green Belt Lean Six Sigma é.
Cheapadh Fiona O’Shea mar Phríomhoifigeach Airgeadais an Ghrúpa i mí an Mhárta 2022. Sula raibh sí ag obair le CIÉ, bhí 14 bliain caite aici le RTÉ agus cuid róil airgeadais sinsearacha aici, agus is déanaí bhí sí ina Rialtóir Airgeadais Grúpa. Roimh a tréimhse oibre ansin le RTÉ, bhí Fiona ina Rialtóir Airgeadais Grúpa don Ghrúpa Ogilvy agus Mather, gníomhaireacht bunaithe ar na meáin chruthaitheacha agus ar chaidreamh poiblí agus bhí sí páirteach leis an Ghrúpa WPP plc.
Bronnadh Baitsiléir Staidéar Gnó (Onóracha) uirthi ó Ollscoil Luimnigh agus tá sí ina Comhalta de Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte na hÉireann.
Ceapadh Amy Richards ina Príomhoifigeach Faisnéise agus ina Stiúrthóir ar Sheirbhísí Comhroinnte Fiontair an 1 Samhain 2025.
Bhí Amy ina Ceannasaí ar TF&C an Ghrúpa ó 2022 go 2025. Roimh an gceapachán sin, bhí poist éagsúla aici in TF&C an Ghrúpa, lena n-áirítear Bainisteoir Bonneagair agus Seachadta Seirbhíse agus Leas-Cheannasaí na Roinne.
Mar Phríomhoifigeach Faisnéise, bainistíonn Amy an Roinn um Sheirbhísí Comhroinnte TF, ag cinntiú go gcomhlíonann an roinn na comhaontuithe leibhéil seirbhíse agus na gealltanais atá aontaithe, go gcuireann an tairiscint táirgí luach ar fáil do chliaint, agus go ndéantar costais a bharrfheabhsú.
Le roinnt blianta anuas, tá Amy i gceannas ar roinnt claochluithe i bhfeidhm na seirbhíse comhroinnte TF, lena n-áirítear aibíocht na roinne a chur chun cinn de réir chreat ITIL, bogadh chuig Ionaid Sonraí den scoth in 2018, agus maoirseacht a dhéanamh mar fheidhmeannach cláir ar ionduchtú Seirbhíse Bainistithe. Gné lárnach de ról Amy is ea an feachtas earcaíochta do TF&C an Ghrúpa a stiúradh mar chuid de phleanáil comharbais na roinne, chun breisluach a chur ar fáil do chliaint agus chun tallann a fhorbairt i gcomhréir leis na seirbhísí a bheidh á dtairiscint amach anseo.