Board Members
Ceapadh Aidan Murphy ina Chathaoirleach ar CIÉ ar feadh tréimhse cúig bliana le héifeacht ón 26 Meitheamh 2024. Bhí sé tar éis fónamh ar Bhord CIÉ cheana féin idir 2014 agus 2021. D’fhóin sé mar stiúrthóir ar bhord Bhus Éireann ó 2013 go 2021 agus bhí sé ina Chathaoirleach air ó 2014 go 2021. Ina theannta sin, bhí Aidan ar dhuine de na comhaltaí a d’ainmnigh Bord CIÉ ar Choiste Scéim Aoisliúntais 1951 ó mhí Iúil 2022 go mí na Samhna 2023.
Tá taithí fhairsing ag Aidan mar ghairmí slabhra soláthair, tar éis dó poist a shealbhú mar Phríomhoifigeach Oibriúcháin ag Carlow Precast, mar Phríomhfheidhmeannach ag Pulse Logistics, mar Stiúrthóir Bainistíochta Soláthair ag C&C Group, mar Bhainisteoir Ginearálta ag Wincanton Ireland, mar Cheannasaí Lóistíochta an Ghrúpa ag Fyffes plc agus mar Stiúrthóir Lóistíochta ag Allegro Group. Bhí roinnt stiúrthóireachtaí aige i gcomhlachtaí ar nós Urban Green Private, Roadbridge Holdings, Lucey Transport Logistics, FLI Global, M&M Walshe Group agus Allegro. Bhí sé ina phríomhchainteoir ag roinnt imeachtaí slabhra soláthair Eorpacha, lena n-áirítear Logicon agus an European Supply Chain Summit, agus is Comhalta agus iar-Uachtarán é d’Institiúid Chairte Iompair agus Loighistice na hÉireann.
Ceapadh Ultan Courtney ar Bhord Chóras Iompair Éireann ar feadh tréimhse bliana le héifeacht ón 11 Feabhra 2026 go dtí an 10 Feabhra 2027.
Is ceannaire gnó le taithí agus saineolaí AD é Ultan, a bhfuil taithí fhairsing aige i róil shinsearacha ar fud earnálacha poiblí agus príobháideacha na hÉireann. Tá sé ina Chathaoirleach ar Iarnród Éireann agus ina Chomhalta Boird de chuid CIÉ faoi láthair. Tá sé ina bhall freisin den Choiste Luach Saothair do Phoist Shinsearacha agus tá sé fós ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún Pá Íseal.
Ó 2014 go 2021, bhí Ultan ina Chathaoirleach ar Bhus Átha Cliath agus ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ar Chuideachta Shealbhaíochta CIÉ, áit ar threoraigh sé forbairtí suntasacha eagraíochtúla agus rialachais ar fud na hearnála iompair. Is é freisin Stiúrthóir Bainistíochta Courtney HR, an comhlacht a bhunaigh sé in 2008, agus cuireann sé comhairle ar eagraíochtaí maidir le straitéis bainistíochta agus AD, caidreamh tionsclaíoch, forbairt ceannaireachta agus athrú eagraíochtúil.
Níos luaithe ina ghairm bheatha, bhí roinnt post sinsearach ceannaireachta in AD ag Ultan, lena n-áirítear Stiúrthóir Acmhainní Daonna an Ghrúpa ag C&C Group plc, Ceannasaí ar Chaidreamh le Fostaithe agus Oiliúint ag Superquinn, agus Bainisteoir Ginearálta Acmhainní Daonna i Rannóg Táirgí Tomhaltóra Waterford Foods. Chuir sé tús lena ghairm bheatha in AD agus i gcaidreamh tionsclaíoch le IBEC, áit ar shealbhaigh sé roinnt ról.
Áirítear le seirbhís phoiblí níos leithne Ultan ballraíocht ar an gCoimisiún Pá san Earnáil Phoiblí, ar Bhinse Réitigh Díospóidí an Bhainc Ceannais, agus ar roinnt coistí de chuid Dhlí-Chumann na hÉireann, an Údaráis Comhionannais agus Institiúid Bainistíochta na hÉireann. Is idirghabhálaí creidiúnaithe é freisin, finné saineolach i nósanna imeachta fostaíochta, agus éascaitheoir ceaptha ag an gCúirt Oibreachais.
Tá roinnt cáilíochtaí iarchéime aige sa dlí, sa rialachas, san eadráin, sa dlí fostaíochta agus sa chóitseáil feidhmiúcháin ó institiúidí ar nós Dlí-Chumann na hÉireann, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
Ceapadh Dermot Healy leis an Bhord CIÉ i mí na Nollag 2021.
Tá sé fostaithe mar thiománaí bus le Bus Éireann lonnaithe ag Iosta Bhaile an Róistigh i Luimneach. Tháinig sé ar bhord leis an CIÉ sa bhliain 1983 mar fhreastalaí sóisearach na bproinncharranna sular bhog sé chuig earnáil na bPaisinéirí ar an bhliain dár gcionn agus é ag feidhmiú mar Chúntóir Oifige agus Fear na dTicéad ar Bhusanna, roimh a ról reatha mar thiománaí a fuair sé in 1991.
Bhí sé gníomhach leis a cheardchumann, an NBRU, ó 1997 nuair a thoghadh é leis a choiste brainse áitiúil. D’obair sé mar Leaschathaoirleach agus Cathaoirleach an Bhrainse Luimnigh agus ansin toghadh ar Chomhairle Feidhmeannach Náisiúnta é sa bhliain 1999. Mar chomhalta na Foirne Idirbheartaíochta Náisiúnta NBRU. Tá taithí ar leith aige maidir le Caidreamh Tionsclaíoch lena n-áirítear caibidlí WRC agus éisteachtaí na Cúirte Oibreachais.
Ceapadh Miriam Hughes leis an Bhord CIÉ ar an 26Aibreán 2022. Is Stiúrthóir Cairte í ón IOD, comhairleoir gnó straitéiseach neamhspleách, agus Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin ag an am céanna.
Bhí Miriam ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach ar cheann de na grúpaí cumarsáide is mó in Éirinn, DDFH&B. Le linn a tréimhse oifige i bhfoirm 17 bliain ag DDFH&B, bhí sí i gceannas ar cheannacháin iomadúla, macasamhlacha na ngnóthaí nua agus atheagrú na ngnóthaí chun cumasc a chumadh le Target McConnells a fhad is go bhforbraíodh cuideachta cumarsáide nua darb ainm JWT folk. Bhí 75% den DDFH&B faoi úinéireacht áitiúil agus bhí sé dírithe ar chúrsaí Fógraíochta, Ábhair Dhigiteacha, Bainistiú na cáile, Imeachtaí Eispéireasacha agus Branda an Chaidrimh Phoiblí.
Tá breis agus 15 bliain de thaithí ag Miriam maidir le róil mhargaíochta sinsearacha do chliaint i roinnt cuideachtaí gormshlise. Roimhe sin, bhí sí mar Stiúrthóir Margaíochta le Nestle, mar cheannasaí cumarsáide Bhanc na hÉireann agus bhí róil margaíochta eile idir lámha aici ag Smith & Nephew agus AIB.
Tá Miriam ag feidhmiú mar chathaoirleach ar Bhord Barnardos Ireland faoi láthair, chomh maith le Comhalta ar Phainéal Fiontraíocht Éireann, mar Chathaoirleach Bhus Éireann agus mar Chomhairleoir straitéiseach do chuid gnóthaí beaga.
Is céimí de COBÁC í Miriam agus tá Baitsiléara Tráchtála agus MBS i Margaíocht uirthi. Bhí sí ag feidhmiú mar uachtarán Institiúid Mhargaíochta na hÉireann roimhe sin, iarchathaoirleach Chumann na bhFógróirí Éireann, iarchomhalta le Seomra Bhaile Átha Cliath, iarchomhalta boird le Foras Ospíse na hÉireann agus tá sí ina comhalta comhairle leis an IMI anois.
Ceapadh Brendan McInerney ar Bhord CIÉ i mí na Nollag 2025 faoin Acht um Rannpháirtíocht Oibrithe (Fiontair Stáit), 1977–2001.
Tá Brendan fostaithe mar thiománaí bus i nGaráiste Dhonnabracha. Is ball de SIPTU é agus tá réimse leathan róil chomhlíonta aige le breis agus 25 bliain, lena n-áirítear Uachtarán ar Choiste na dTiománaithe Bus, ball den Earnáil Iompair agus ionadaí iosta, i measc róil eile.
Ceapadh Niamh O’Regan leis an Bhord CIÉ ar an 16 Aibreán 2019.
Is Comhalta í Niamh de Chuntasóirí Cairte na hÉireann, tar éis di a cuid oiliúint a fháil ó PWC. Tá Baitsiléir Ealaíon (Onóracha) aici i bhFraincis agus Spáinnis ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Dioplóma Gairmiúil i gCuntasaíocht ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, chomh maith le Saindioplóma i Riosca, Comhlíonadh agus Iniúchóireacht Inmheánach ó Chuntasóirí Cairte na hÉireann. Tá breis agus 25 bliain de thaithí ag Niamh, go príomha sna hEarnálacha Seirbhísí Airgeadais agus Sláinte. Is ionann cuid de thaithí proifisiúnta Niamh agus a róil le Barclays Bank Londain mar cheannasaí na Feidhmíochta Gnó agus in Barclays Bank Ireland mar Cheannasaí na Bainistíochta Gnó.
Tá Niamh ina Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin Neamhspleách de ALD RE DAC agus sí ina Cathaoirleach Boird den Choiste Riosca. Is Comhalta Údarás d’Údarás Cláraithe na Réadmhaoine in Éirinn í, mar aon le Comhalta Seachtrach an Choiste Iniúchóireachta de Chumann Cógaisíocht na hÉireann.
Athcheapadh Liam O’Rourke leis an Bhord CIÉ i mí Mheán Fómhair 2021. Is Comhalta é d’Institiúid na gCuntasóirí Deimhnithe Poiblí in Éirinn (ICDPÉ). Bhí róil feidhmeannach sinsearacha aige le cuideachtaí déantúsaíochta ilnáisiúnta SAM le breis agus 30 bliain mar aon le taithí fhairsing i gcúrsaí airgeadais, AD agus TFC. Roimhe sin, bhí sé ina Stiúrthóir Airgeadais / Rialaitheoir Cuideachta Spréachphlocóidí Thar Barr agus faoi láthair is Iniúchóir Inmheánach Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann. Tá Liam ina Chathaoirleach den Choiste Iniúchóireachta agus Riosca CIÉ.
Ceapadh Gary Owens ar Bhord CIÉ agus ina Chathaoirleach ar Bhus Átha Cliath i mí na Bealtaine 2022.
Tá taithí fhairsing ag Gary i seirbhísí airgeadais ag leibhéal Boird agus i róil shinsearacha feidhmiúcháin, agus bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar Hibernian Insurance agus ar IFG Ireland araon. D’fhóin sé freisin mar Stiúrthóir Neamhspleách ar AIG Ireland agus ar AIG International, áit a raibh sé ina bhall den Choiste Iniúchóireachta agus ina Chathaoirleach ar an gCoiste Infheistíochta. Bhí Gary ina Stiúrthóir ag LeasePlan Insurances, áit a raibh sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus ar an gCoiste Riosca araon, agus tá sé ina Chathaoirleach faoi láthair ar Diona DAC agus ar ICare Capital Partners.
Bhí róil shuntasacha aige i gcúrsaí spóirt freisin, lena n-áirítear tréimhsí mar Phríomhfheidhmeannach Eatramhach ar Chumann Peile na hÉireann agus ar Lúthchleasaíocht Éireann, agus d’fhóin sé chomh maith mar Phríomhfheidhmeannach ar Down Syndrome Ireland.
Is Árachóir Cairte é Gary agus is ball é d’Institiúid Chairte an Árachais.
TBC
Athcheapadh Tommy Wynne ar Bhord CIÉ i mí na Nollag 2021 faoin Acht um Rannpháirtíocht Oibrithe (Fiontair Stáit), 1977 go 2001. Chuaigh sé le hIarnród Éireann mar fhear iosta in 1991 agus ceapadh ina thiománaí traenach é in 1994.
Tá Ard-Dioplóma aige i mBainistíocht Iarnróid Idirnáisiúnta ó Ollscoil Ghlaschú Caledonian. Cháiligh sé le déanaí mar Idirghabhálaí agus tá sé cláraithe le hInstitiúid Idirghabhálaithe na hÉireann (MII).
Bhí sé ina Uachtarán ar Rannóg TEAC de chuid SIPTU ar feadh 12 bhliain agus tá sé ina Chathaoirleach faoi láthair ar Earnáil Iompair SIPTU. Toghadh é le déanaí chuig Comhairle Feidhmiúcháin Náisiúnta SIPTU (NEC).
Ceapadh Brian Young ar Bhord CIÉ i mí na Nollag 2025 faoin Acht um Rannpháirtíocht Oibrithe (Fiontair Stáit), 1977–2001.
Chuaigh Brian le CIÉ in 1982 mar stiúrthóir bus i nGaráiste Chluain Tarbh. Ceapadh ina thiománaí bus é in 1986, an bhliain inar bunaíodh Bus Átha Cliath.
Aistríodh Brian go hIosta Chnoc an tSamhraidh in 1988, agus tá sé lonnaithe ann fós.
Toghadh Brian ina ionadaí de chuid an NBRU in 2009, ceapadh é ina Rúnaí Brainse NBRU Bhus Átha Cliath in 2014, agus in 2018 toghadh é chuig Feidhmeannas Náisiúnta an NBRU in Iosta Chnoc an tSamhraidh.