Grúpa TF agus T

Tugann an Roinn seirbhísí TF agus T don Ghrúpa CIÉ; tá an Roinn ag feidhmiú ó 1968 agus tá a oifigí lonnaithe ag Stáisiún Heuston. Is ionann ról na ranna TF agus T agus tacaíocht TF a thabhairt ar an Ghrúpa CIÉ agus chun Córais an Ghrúpa a fhorbairt, imeascadh idir na córais a bhainistiú chomh maith leis na caighdeáin ar pholasaí TF agus Rialachas a leagadh amach.

Tá Grúpa TF agus T ar cheann de na grúpaí TF is fairsing fud fad na hÉireann. Tugann an Grúpa TF agus T tacaíocht úsáideora agus gnó d’Iarnród Éireann, Bus Átha Cliath, Bus Éireann, an Chuideachta Shealbhaíochta CIÉ agus Camchuairteanna Idirnáisiúnta CIÉ.
 
Tugann Grúpa TF agus T seirbhísí roinnte do na Cuideachtaí Feidhmiúcháin, lena n-áirítear:

• Deasc Sheirbhíse - Deasc Sheirbhíse ITIL a chuireann pointe teagmhála aonair ar fáil do gach seirbhís an Ghrúpa TF agus T.
• Seirbhísí Bainistithe - ag cur óstáil, slándáil, friothálaí, cliant agus líonra ar leibhéal tionscalchaighdeánacha ar fáil.
• Bainistiú Ardáin - Córais an Ghrúpa (Airgeadas, Lóistíocht, Slabhra Soláthair , Bainistíocht Caidreamh Custaiméirí, Táirgiúlacht Oifige, Intleacht Gnó, Imeascadh agus Anailísíocht Sonraí).
• Soláthar TF agus T agus Bainistíocht Conarthaí
• Bainistíocht tionscadail TFC, Soláthar Seirbhíse TFC, seirbhísí comhairleacha TFC agus Ailtireacht theicniúil agus feidhme TFC.

Gary Connolly

An Príomhoifigeach Faisnéise agus Stiúrthóir Sheirbhísí Comhroinnte Fiontair
servicedesk@cie.ie