Iniúchadh Inmheánach an Ghrúpa

Is gníomhaíocht cinnteachta neamhspleách agus oibiachtúil é Iniúchadh Inmheánach an Ghrúpa, agus é ag feidhmiú mar sheirbhís chuig an Bhord CIE, agus chuig na boird Cuideachtaí Feidhmiúcháin agus lucht ardbhainistíochta, agus tá siad dírithe ar luach agus feabhas oibríochtaí an Ghrúpa a ardú.

Cuireann Iniúchadh Inmheánach an Ghrúpa pleananna iniúchtaí i gcrích, pleananna a chuireann le feabhsú an rialachais, bainistíochta riosca agus próisis rialaithe thar an eagraíocht ar fad trí chur chuige córasach agus an-eagraithe a úsáid. Folaítear na córais chaiteachais agus ioncam airgeadais, na príomhghníomhaíochtaí feidhme agus na córais teicneolaíochta faisnéise agus slándála bainte leis an Ghrúpa.

Tá Ceannasaí Iniúchta Inmheánaigh an Ghrúpa, freagrach as pleananna straitéiseacha bunaithe ar rioscaí a bhunú chun tosaíochtaí feidhmeanna Iniúchta Inmheánaigh an Ghrúpa a rialú, de réir spriocanna na heagraíochta. Déantar athbhreithniú agus ceadú ar phleananna iniúchtaí ag na Coistí Iniúchtaí agus Riosca CIÉ, Iarnród Éireann, Bus Éireann agus Bus Átha Cliath.

Cuirtear tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí Iniúchtaí Inmheánaigh an Ghrúpa ar bhonn rialta chuig an Choiste Iniúchta agus Riosca CIÉ, agus chuig na Coistí Iniúchtaí agus Riosca de chuid Iarnród Éireann, Bus Éireann agus Bus Átha Cliath.


Therese Killian 

Ceannasaí Iniúchta Inmheánaigh an Ghrúpa