Aturnaetha an Ghrúpa

Tá oifig na nAturnaetha CIÉ freagrach as suimeanna dlí CIÉ a chosaint agus tugann siad seirbhísí dlí inmheánach chuig CIÉ, Iarnród Éireann, Bus Éireann agus Bus Átha Cliath.

Tá an obair scartha i gcúig réimse éagsúla:

1. Réadmhaoin

Tugann an Roinn Réadmhaoine Thráchtála comhairle/cuidiú dlí chuig an CIÉ agus a gcuid fochuideachtaí ar raon leathan de cheisteanna ar réadmhaoin tráchtála agus ar shlándáil iarnróid. Folaítear comhairle a thabhairt ar Chomhaontuithe Forbartha, Aonaid Mhiondíola, Dlí maidir le Tiarnaí Talún agus Tionóntaí, Dlí maidir le Réadmhaoin Iarnróid, Dlí maidir le Soláthar Poiblí, Comhaontuithe Droichid, Comhaontuithe Teileachumarsáidí agus Snáthoptaice, Oird/Ceannacháin Éigeantacha Iarnróid, Díolacháin agus Ceannacháin na Réadmhaoine trí Chonradh Príobháideach/Ceant Poiblí/Tairiscint, Léasa agus Ceadúnais, Éilimh Shealbh Díobhálacha, Línte Iarnróid Tréigthe, an Tionscadal Chrosairí Comhréidh, Ceisteanna Criticiúla maidir le Slándáil Iarnróid, Glasbhealaí agus ar Chlárúcháin Réadmhaoine lena n-áirítear Céad Clárúcháin Éigeantacha.

 

2. Foireann Tráchtála agus Rialaitheach

Tugann an fhoireann thráchtála agus rialaitheach comhairle/cuidiú dlí chuig CIÉ, Bus Éireann, Bus Átha Cliath, Iarnród Éireann agus Camchuairteanna CIÉ. Folaítear leis seo comhairle a thabhairt ar dhlí iompair náisiúnta agus an AE, soláthar poiblí, dlí maidir le conarthaí, réadmhaoin intleachta, teicneolaíocht faisnéise, saoráil faisnéise, dlí na gcuideachtaí, dlí na hiomaíochta, fógraíocht, urraíocht, stocaireacht, cosaint sonraí, rochtain ar eolas na timpeallachta, aistriú na ngnóthas, pinsin agus státchuidiú.

 

3. Dlíthíocht

Seasann an obair seo do raon leathan de cheisteanna le láimhsiú i bhfoirm: ionchúiseamh na gciontóirí a sháraíonn dlíthe iompair, bearta maidir le gortuithe pearsanta, athbhreithniú breithiúnach, iarratais urghairí le haghaidh oird iarnróid agus oird cheannacháin éigeantacha, próisis eadrána srl.

 

4. Sainchomhairle

I ndáil le dlí iompair phoiblí, dlí náisiúnta a dtéann i ngleic le hiompar poiblí agus iomaíocht agus ceisteanna a bhaineann le gníomhaireachtaí rialaitheacha iompair m.sh. An Coimisiún le haghaidh Rialáil Iarnróid agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair.

 

5. Dlí Fostaíochta

Tá Oifig Aturnaetha an Ghrúpa i gceannas le héilimh a bhaineann le bristeacha míchothroma agus achrainn smachtaithe eile leis na cuideachtaí feidhmiúcháin roimh an Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus achomharctha ag an Chúirt Oibreachais nó ag an Chúirt Chuarda le hatreoruithe chuig an Ard-Chúirt i gcásanna áirithe. Ina theannta sin, cosnaítear éilimh, déanta faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann ar bhonn míchumais, cine, inscne nó aoise, ag Aturnaetha an Ghrúpa thar ceann na gcuideachtaí feidhmiúcháin.

  Colm Costello

   Ceannasaí an Ghrúpa Dlí
   Ríomhphost: law@cie.ie