Máistirphlean Heuston

 
Is saghas forbairt uirbeach iad na Forbairtí Dírithe ar Iompar (FDI) agus bíonn sé de rún acu soláthar na tithíochta, fostaíochta, seirbhísí poiblí agus spásanna fóillíochta i gcóngar na nóid iompair (iarnród agus/nó bus) a uasmhéadú sa dóigh is go mbíonn seirbhísí rialta ardchaighdeánach ann.
 
Léiríonn moltaí an lae inniu maidir le máistirphlean Heuston, agus léireoidh na moltaí amach anseo, go bhfuil na riachtanais príomhlíonra ann chun forbairt thar cionn a sheachadadh. Is ionann an tuiscint maidir le cumas an mháistirphlean seo agus an comhlíonadh ar chúrsaí forbartha as seo amach maidir leis na prionsabail treorach de na FDIanna, agus tagairt déanta leis an cheangal don chéad míle agus don mhíle deireanach trí líonra sráideanna atá nasctha le chéile. Is é an sprioc ná ceangal na dtailte reatha a thógáil de réir a chéile i dtreo forbairt an mhoil iompair phoiblí comhtháite - beart a léireoidh nósmhaireacht thar cionn de FDI mar aon le fás uirbeach a bheas inmharthana agus dlúth.
 
Agus é ag feidhmiú mar eiseamláir FDI, cuirfidh an máistirphlean fíorbheagán spás páirceála ar fáil sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, agus éascófar an t-oiriúnú fadtéarmach i dtreo timpeallacht shaor ó ghluaisteáin iomlán ina dhiaidh. Beidh áiseanna rothaíochta suntasacha ar fáil ó thús na scéime, agus spásanna páirceála ilstórach, le haghaidh gach cás forbartha, deartha ar dhóigh ina gcuirfear inoiriúnaitheacht chun tosaigh.
 
Folaítear na príomhghnéithe seo a leanas sa mháistirphlean:
  • Limistéir Shuímh Forbartha de 10 Heicteár;
  • Forbairt Ilúsáide de bhreis agus 210,000 méadar cearnach;
  • Stáisiún DART nua ag Heuston Thiar;
  • Droichid nua thar an Life;
  • 1 Chiliméadar d’éadan abhann inrochtana agus lánaí rothar;
  • 5000 Spás Rothar;
  • Níos mó ná 1000 aonad cónaithe;
  • Spás Oifig de 65,000 meadar cearnach (breis agus 8000 fostaí);
  • 15,000 meadar cearnach d’ionad Miondíola;
  • Óstán le 250 leaba;
  • Oll-luach forbartha > €1 Billiún.
  • Is féidir cliceáil anseo chun breathnú ar fhíseán an tseolta.
Tá sonraí breise ar fáil thíos faoi.