Roinn Riosca an Ghrúpa


Oibríonn Roinn Riosca an Ghrúpa CIÉ, agus é ag feidhmiú mar eintiteas comhdhlúite an Ghrúpa Riosca, mar aon le hÉilimh agus Imscrúduithe Grúpa agus Árachas Grúpa, mar fhoireann comhtháite chun tacaíocht maidir le bainistíocht riosca a sheachadadh chomh maith le seirbhísí comhairleach chuig Grúpa CIÉ na gCuideachtaí go héifeachtach agus go heacnamaíoch agus ar aon líne leis an Chód Cleachtais le haghaidh Rialachas na Comhlachtaí Stáit, 2016.

Is mar gheall ar pháirtíocht 30 bliain go bhfuil ár dtuiscintí againn ar rioscaí áirithe ar chúrsaí gnó, ar an tionscal feidhme ina bhfuil muid chomh maith le struchtúr dlí agus rialaitheach na hÉireann. Bunaíodh eintiteas comhdhlúite an Ghrúpa Riosca CIÉ mar sainsholáthar seirbhísí toisc go bhfuil stair agus taithí againn maidir le héilimh a bhainistiú agus le clár árachais Bhus Átha Cliath, Iarnród Éireann agus Bus Éireann a fhorbairt.

Is iad príomhchuspóirí na seirbhísí riosca comhairleacha ná go gcinntíonn muid go bhfuil muid in ann rioscaí a bhainistiú go héifeachtach agus go heacnamaíoch laistigh den eagraíocht, agus chun léargas luachmhar a thabhairt ar cheisteanna ar leith bainte le soláthar an iompair phoiblí. Tacaímid le ceannasaíocht agus treoir maidir le rioscaí a thagann chun cinn chomh maith le feidhmíocht riosca in aghaidh piaraí agus measúnuithe an tionscail agus ag an am céanna cinntímid go bhfuil muid ag comhlíonadh le hathruithe reachtach agus rialaitheach.

Tá ról lárnach ag Roinn Imscrúduithe an Ghrúpa maidir le hairde dliteanas timpiste a dhéanamh do na trí Chuideachta Fheidhmiúcháin de chuid an Ghrúpa CIÉ. Is é príomhfheidhm s’againn ná na héilimh a bhainistiú, (idir Tríú Páirtí agus Dliteanas na bhFostóirí) agus Aisghabháil damáistí an Ghrúpa. Tá sé mar rún againn neamhchosaint airgeadais na gCuideachtaí maidir le faillí líomhainte a laghdú. Maidir lenár straitéis ar chúrsaí éilimh dliteanas, caithfidh muid a bheith réamhghníomhach agus seasamh tomhaiste a ghlacadh i dtaca le cosaint a dhéanamh ar chásanna nó iad a chomhghéilleadh.

Cuireann Grúpa Árachais CIÉ clár árachais luach ar airgead cuimsitheach ar fáil atá saincheaptha chun riachtanais is fearr na heagraíochta agus na gCuideachtaí Feidhmiúcháin a riaradh. Agus muid ag feidhmiú mar Chleachtóirí Árachais Deimhnithe, cuirimid scóip an chlúdaigh árachais iarrtha, na teorainneacha agus costais, agus ansin bímid i mbun plé le Bróicéirí chun cur i bhfeidhm an chlúdaigh sin a shocrú trí idirbheartaíocht. Téimid i dteagmháil leis na Bróicéirí faoi Aighneachtaí Margaí agus tugaimid comhairle agus tacaíocht fhairsing maidir le hathnuachan na bpolasaithe, agus bainistíocht na Conarthaí, Ceadúnas agus Comhaontuithe.

Fógra príobháideachais na n-imscrúduithe (PDF 80KB)

    Image of Tom Fahey - Acting Head of Group Claims         Tom Fahey

                     Ceann Gníomhach na nÉileamh agus na Rioscaí
                     Ríomhphost: enquiries@cie.ie