Rialachas Corparáideach

Polasaithe CIÉ 

Tá Rialachas Corparáide comhdhéanta de na córais agus na nósanna imeachta ina mbíonn na cuideachtaí stiúrtha, bainistithe agus láimhseáilte. Tá ardchaighdeáin an rialachais corparáidigh criticiúil chun cinnte a dhéanamh go gcuireann CIÉ le héifeachtúlacht eacnamaíocha an Stáit, chomh maith le hiomaíochas, comhtháthú sóisialta agus forbairt réigiúnach. Tá Bord agus Bainistíocht CIÉ freagrach as bainistíocht fhíor na heagraíochta agus seasann siad go mór le prionsabail dea-chleachtas as a bhfreagrachtaí a maidir leis a ngníomhaíochtaí a chomhlíonadh i dtaca le rialachas corparáideach a ardchaighdeánú. Go hiondúil, bíonn gnéithe de reachtaíocht, rialachas, socruithe féinrialála, cóid dheonacha, coimitmintí agus cleachtaí gnó bainte le creatlach rialachais corparáideach atá tar éis fás laistigh na heagraíochta. Tá roinnt polasaí arna ghlacadh ag an CIÉ leagtha amach thíos faoi.

Polasaí CIÉ maidir le Nochtadh Cosanta

Tá sé mar sprioc an Achta um Nochtadh Cosanta fostaithe cuideachtaí poiblí a chosaint ó bhuarthaí faoi éagóir fhéideartha sa láthair oibre. Déanfar monatóireacht agus uasdátú ar an pholasaí seo i gcomhréir le treoirlínte arna eisiúint ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chomh maith le hathruithe ar reachtaíocht chuí.
Is de réir alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, go gcaithfear foilseachán na dTuarascálacha Bliantúla, i ndáil le Nochtadh Cosanta faighte, a chur ar fáil.
Ba chóir go mbeidh na rudaí seo a leanas clúdaithe sna tuarascálacha:
• Líon na nochtuithe cosanta a rinneadh leis an chuideachta phoiblí
• Na bearta arna ghlacadh mar fhreagra ar na nochtuithe cosanta sin.

De bhun an cheanglais seo, dearbhaíonn an Chuideachta shealbhaíochta de chuid CIÉ nach raibh aon nochtadh cosanta ar bith ann le linn 2021.
Próiseáiltear Nochtuithe Cosanta i gcomhréir le Polasaithe agus Nósanna Imeachta an Ghrúpa CIÉ maidir le Nochtuithe Cosanta.
Is féidir níos mó eolais ar pholasaí CIÉ maidir le Nochtuithe Cosanta a fháil anseo.

Polasaí an Chóid Iompraíochta CIÉ

Tá sé mar bheartas ag Grúpa CIÉ a dhea-cháil maidir le hiompar eiticiúil agus déileáil go cothrom i stiúradh a ghnó a choinneáil.
Cliceáil anseo chun polasaí an Chóid Iompraíochta do Chomhaltaí Boird agus Stiúrthóirí a léamh.
Cliceáil anseo chun polasaí an Chóid Iompraíochta d’Fhostaithe a léamh.

Polasaí na hÉagsúlachta agus Ionchuimsithe CIÉ

Is é sprioc an pholasaí seo ná coimitmint CIÉ roimh chomhionannas deise d’fhostaithe reatha agus d’fhostaithe féideartha a léiriú, trí thimpeallacht oibre saor ó idirdhealú a chur chun cinn.
Cliceáil anseo chun polasaí CIÉ maidir le hÉagsúlacht agus Ionchuimsiú a léamh

Polasaí Frith-Éillithe agus Frith-Breabaireacht an CIÉ

Tá CIÉ tiomanta do na caighdeáin is airde maidir le nósmhaireacht, caighdeán, ionracas, oscailteacht agus cuntasacht i gcás aon líomhain chaimiléireachta ná breabaireachta arna thuairisciú.

Tá cur chuige an pholasaí seo lárnach roimh ionracas an CIÉ agus tá sé ar cheann de na polasaithe arna thugadh isteach chun spotsolas a chur ar gach iompar eiticiúil a bhfuiltear CIÉ ag súil leis óna fostaithe, Comhaltaí Boird, feidhmeannais, conraitheoirí, soláthraithe agus gníomhairí a dhéanann aon ghnó thar cheann an CIÉ. Ba cheart an polasaí seo a léamh in éineacht leis na polasaithe arna leagadh amach in Aguisín A.
Cliceáil anseo chun Polasaí Frith-Éilithe agus Frith-Breabaireacht a léamh 

Coiste Iniúchta agus Riosca Bhord CIÉ Cairt agus Téarmaí Tagartha

Bhunaigh Bord CIÉ trí rún ag a chruinniú ar 10 Eanáir 1996 Coiste Iniúchóireachta (a athainmníodh ina dhiaidh sin mar an Coiste Iniúchóireachta agus Riosca agus dá ngairtear an “Coiste” anseo) go foirmiúil, fochoiste de chuid Bhord CIÉ chun athbhreithniú a dhéanamh, tuairisciú agus moltaí a dhéanamh do Bhord CIÉ ar na réimsí atá leagtha amach thíos.
Cliceáil anseo chun an Chairt agus na Téarmaí Tagartha a léamh

Stocaireacht CIÉ 

Cláraíodh Cuideachta Shealbhaíochta CIÉ mar bhrústocaire ar shuíomh gréasáin do Chlár na Stocaireachta, arna chaomhnú ag Coimisiúin na Caighdeáin.
Sochair stocaireachta do CIÉ