Stáir CIÉ

Córas Iompair Éireann

Tuarascálacha stairiúla

Tuarascálacha stairiúla

Tuarascálacha stairiúla

Féach ar thuarascálacha
Timpeallán Íomhá Stairiúil

Timpeallán Íomhá Stairiúil

Timpeallán Íomhá ina bhfuil Íomhánna Stairiúla CIÉ

Amharc ar timpeallán

Stair Ghairid 

Bunaíodh Córas Iompair Éireann (CIÉ), ar an 1 Eanáir 1945, faoin Acht Iompair, 1944. Chuir CIÉ Mórbhóithre Iarainn an Deiscirt (MID) agus Comhlacht Aontaithe Tramanna Bhaile Átha Cliath (CATBÁC) le chéile. Bhí seirbhísí iarnróid, bus agus leoraí idir lámha ag MID. Bunaíodh é sa bhliain 1925 nuair a bhí na cuideachtaí iarnróid uile laistigh den Saorstát cónasctha ar bhealach amháin. Faoi na hAchtanna Iompair 1932 agus 1933 tugadh an ceart do MID an iomaíocht bóthair a fháil go héigeantach. Ba é an ceannachán is suntasaí a bhí acu ná Cuideachta Bus Éireann - réamhtheachtaí de Bhus Éireann.
 
Bunaíodh an Chuideachta Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath (CAIBÁC) sa bhliain 1896 agus cruthaíodh líonra de sheirbhísí tramanna leictreacha tríd an phríomhchathair. Ó na luath-thríochaidí tógadh líonra de bhealaí busanna agus tháinig na bealaí seo in áit na seirbhísí tramanna de réir a chéile. Sa lá atá inniu ann, tá mórchuid de bhealaí Bhus Átha Cliath idir slí 1 agus slí 30 ag feidhmiú ar sheanbhealaí tramanna. Bhí CIÉ i gceannas ar thramanna Bhaile Átha Cliath go dtí 1949, nuair a tháinig busanna in áit na tramanna deireanacha. D’athraigh an CAIBÁC go dtí Earnáil Seirbhísí Chathair Bhaile Átha Cliath de chuid CIÉ agus leathadh a líonra tríd an chathair.

 

Bus na cathrach R340 de chuid CIÉ ag Cé an Bhúrcaigh Baile Átha Cliath, ag feidhmiú ar bhealach uimhir 34 i rith mí Lúnasa 1960. Grianghraf: Patrick J Flanagan -Cumann Taifead Iarnróid na hÉireann. 
Traein carr-iarnróid díosail CIÉ nua ar an tseirbhís 13:10 ó Phort Láirge ag Droichead an Rú, Cill Dara, Mí Iúil 1953. Grianghraf: Patrick J Flanagan - Cumann Taifead Iarnróid na hÉireann. 
 
Thosaigh CIÉ a gcuid oibríochtaí ar an 1 Eanáir 1945 mar chuideachta príobháideach le scaireanna arna thrádáil ar Stocmhargadh Bhaile Átha Cliath.

Is mar gheall ar an Acht Iompair, 1950, gur athraíodh an CIÉ ina fhoras fo-stáit, agus slogadh Cuideachta Chanáil Laighean sa phróiseas. 

Sa bhliain 1958, slogadh seirbhísí bóthair agus iarnróid de chuid Mór-Iarnród an Tuaiscirt isteach sa CIÉ, a bhí leagtha síos sa phoblacht. Bhí an chuideachta ag feidhmiú mar fhoras trasteorann comhbhainistithe ag an dá rialtas.
 
Thit cuid mhór de nuachóiriú agus laghdú foirne i rith na gcaogaidí agus na seascaidí.
Tháinig an t-inneall gluaiste díosail in áit an innill gluaiste gail, agus é ar cheann de na chéad chuideachtaí a leithead a dhéanamh san Eoraip. Nuachóiríodh an flít bus. Druideadh roinnt línte iarnróid agus tháinig seirbhísí bus agus leoraí ina áit.
Ón 2 Feabhra 1987, faoin Acht Iompair (Córas Iompair Éireann a Atheagrú), 1986, bhí CIÉ scartha i dtrí chuideachtaí feidhmiúcháin, fós ag feidhmiú sa lá atá inniu ann, - i bhfoirm:
  •  Bus Átha Cliath - a chuireann seirbhísí Chathair Bhaile Átha Cliath ar fáil.
  • Bus Éireann - a chuireann seirbhísí bus cúige i bhfeidhm, mar aon le seirbhísí luasbhealach agus bus cathracha i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh.
  • Iarnród Éireann - a chuireann seirbhísí iarnróid i bhfeidhm lena n-áirítear seirbhísí trasteorann atá comhbhainistithe le hIarnróid Thuaisceart Éireann. Tá sé i gceannas ar Chalafort Ros Láir chomh maith.
Chun níos mó eolais ar stair an CIÉ agus a gcuid chomhchuideachtaí a fháil, gabh chuig:

 
                   Cartlann Chumann Taifead Iarnróid na hÉireann
 
Thank you to Ciarán Cooney, Kieran Marshall and Peter Rigney from the Irish Railway Record Society for their help in compiling the images.

Please click on the links below to view the photo gallery:  Gabh i dteagmháil linn
An bhfuil scéal agat maidir le stair an CIÉ nó an aithníonn tú duine ar bith i ngrianghraf cartlanna s’againn? Más sin an cás, ba bhreá linn scéala a fháil uait. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost a sheoladh chuig info@cie.ie. Táimid ag súil le scéala uait go luath.

Cartlann
Agus é ag feidhmiú mar chaomhnóirí, tá breis agus 50,000 cáipéis ag Cartlann CIÉ bainte le díolachán agus/nó léas na dtailte agus na réadmhaoine tríd an líonra iarnróid thar chuid mhór de chuideachtaí difriúla. Tá raon mór de leabhair miontuairiscí, leabhair réadmhaoine tithe agus talún agus comhfhreagras éagsúil eile i ndáil le cuideachtaí iarnróid.

Cartlann Corparáideach:

Gnóthaí Coimhdeacha

Calafort Ros Láir
Osclaíodh Calafort Ros Láir i mí Lúnasa 1906 mar chalafort úrscothach le haghaidh paisinéirí agus beostoic. Tá sé ar an chalafort Éireannach is cóngaraí le mór-roinn na hEorpa, ach tógadh é sa chéad dul síos mar thrébhealach ó Chorcaigh go Londain. Is leis an hÉisc agus Cuideachta Iarnróid agus Calafort Ros Láir, comhfhiontar idir Iarnród Éireann agus Stena Lines.
 
Bhí Ros Láir ar cheann de na chéad calafoirt fharantóireachta do ghluaisteáin in Éirinn. Ag an tús, tógadh na gluaisteáin amach ó bholg an bháid ag úsáid crann tógála, agus ansin iad a chur ar vaigíní leibhéalta iarnróid agus iad a tharraingt chuig an mór tír ionas go raibh a dtiománaithe in ann na gluaisteáin a fháil arís. Feistíodh an chéad saoráid rolladh ar-rolladh as (Ro/Ro) i lár na seascaidí, ach faoin am sin ní raibh fáil orthu ach do ghluaisteáin amháin. Chuir Normandy Ferries an chéad nasc farantóireachta ar fáil idir Éire agus mór-roinn na hEorpa sa bhliain 1968. Ó shin, tá fás ar leith tagtha ar an chalafort féin, agus le trí bheart feistithe Ro/Ro in úsáid, tá sé ar an dara calafort is gnóthaí in Éirinn, agus Baile Átha Cliath sa chéad áit.
 


Inneall gluaiste díosail CIÉ nua ‘Metrovick A13’ ag fágáil Droichead an Rí, Baile Átha Cliath, ar luasbhealach go Corcaigh, Mí na Samhna 1955. Grianghraf: David Murray - Cumann Taifead Iarnróid na hÉireann.

Treoraí na camchuairte CIÉ in Inse Chór, 1969 

 

Camchuairteanna CIÉ

Bhunaigh MID roinn na gcamchuairteanna sa bhliain 1932. Rinneadh seo chun slua turasóirí, a bhí ag teacht do Chomhdháil Eocairisteach na bliana sin, a éascú. Ba iad na modhanna iompar a bhí in úsáid ag na turasóirí sin ná iarnród agus ‘stíméar’ - ainm curtha ar bháid fharantóireachta phaisinéirí ag an am. Is mar gheall ar cheannachán Cuideachta Bus Éireann sa bhliain 1934, go raibh an MID in ann aghaidh a thabhairt ar mhargadh na gcamchuairteanna bus, agus an t-aistear ‘páirteach leis an tsaoire’.
 
Toisc go raibh ar na hiarnróid a gcuid timpeallachtaí a scáthánú le tionscadal na turasóireachta an 19ú haois maidir le líonra na n-óstán, bhain roinn na gcamchuairteanna CIÉ leas as forbairt an 20ú haois, ag brath ar sholúbthacht na mbusanna, chun turasóirí a thabhairt go díreach chuig áiteanna álainn ar leith chomh maith leis a gcuid óstáin. Tháinig an roinn go mór chun cinn tar éis an Dara Cogadh Domhanda nuair a osclaíodh margaí na SAM de thairbhe taisteal trasatlantach tríd an aer. Cuireadh Camchuairteanna CIÉ orthu ina dhiaidh sin agus d’oscail siad oifig i Nua-Eabhrac sna seascaidí. Inniu, feidhmíonn siad amach ó New Jersey agus is branda mór le rá iad i Meiriceá Thuaidh.

 

Bhí CIÉ i gceannas ar roinnt gnóthaí eile, cé nach níl páirt aige iontu níos mó, agus is iad:

Lastas Bóthair: Bhí bunús an ghnó seo ag seasamh le gnóthaí leoraí príobháideacha arna cheannach ag an iarnród faoi théarmaí na hAchtanna Iompair 1932 agus 1933. Chuaigh an gnó faoi chonradh tar éis dírialáil an tarlaithe bóthair sna seachtóidí agus cuireadh deireadh leis sna nóchaidí. Leanann Iarnród Éireann ar aghaidh i mbun gnó conartha de lastas bóthair, agus tugtar Lastas
Seoltóra ar anois.

Canálacha: Is le cuideachta an iarnróid an Chanáil Ríoga ó 1847 a bhí ann. Níor mhair trácht tráchtála mórán ama le ré úinéireacht CIÉ, agus deireadh curtha leis in 1945. Ghlac CIÉ seilbh ar Chuideachta Chanáil Laighean faoin Acht Iompair, 1950. Cuireadh deireadh le trácht na mbáirsí tráchtála chuig áiteanna cosúil le Port Láirge agus Luimneach sa bhliain 1959. Aistríodh na canálacha le bheith faoi réim ag Oifig na nOibreacha Poiblí sa bhliain 1986.
 
Óstáin: Forbraíodh Óstáin na nIarnród ó lár na 1850í ar aghaidh agus seasann siad mar bhunús earnáil na tionsclaíochta. Bhí siad lonnaithe i Ros Láir, Cill Airne, Sligeach, Gaillimh, Páirc na Saileach, san Mhala Raithní agus i mBun Dobhráin. Bhí fochuideachta CIÉ i mbun na n-óstán (Óstlanna Iompair Éireann) agus bhí aistriú úinéireacht d’Aer Rianta chuig údarás aerfoirt an stáit in 1990. Díoladh na hóstáin ar aghaidh chuig suimeanna príobháideacha difriúla ina dhiaidh sin.
 
Báid Fharantóireachta: Seirbhís fharantóireachta fóirdheonaithe ag an rialtas ó Dhugaí na Gaillimhe go dtí na hOileáin Árann ó na seachtóidí ar aghaidh. Ba é an bun-oibritheoir a bhí ann ná cuideachta stíméar Chuan na Gaillimhe a bhí i mbun an bháid chlúitigh (b’fhéidir míchlúiteach) ‘Dún Aengus agus Naomh Éanna ina dhiaidh sin. Ghlac an stát úinéireacht ar na hárthaí sa bhliain 1946 agus d’ainmnigh siad CIÉ mar oibritheoir. Tháinig seirbhísí farantóireachta gaiste ó Rhos a Mhíl agus ó Dhúlainn ina áit sa bhliain 1988.
 


Báirse canála 43m ag fágáil Calafort na Canálach Móire, Baile Átha Cliath, roimh dheireadh an tráchta canálacha tráchtála i mí Aibreán 1955. Grianghraf: Robert Shorthall - Cumann Taifead Iarnróid na hÉireann

Long CIÉ ‘Naomh Éanna’ ag teacht ar Ghaillimh ó bhealach farantóireachta na nOileán Árann, Meitheamh 1960. Grianghraf: Patrick J Flanagan - Cumann Taifead Iarnróid na hÉireann.